Bhí mé ag stopadh le teaghlach darbh ainm “Limerick”. Sa teaghlach, bhí an mháthair-Paula, an t-athair-Phil, mac amhain-Nathan agus beirt níon-Amber agus Tara. Bhí siad ina gconaí taobh amuigh den bhaile ar an teorainn le Pairc Naisúnta. Bhí an teach iontach mór, bungaló agus seomraí déanta san ailéar. Bhí sé maisithe go galanta mar gur dearthóir í Paula. Bhí aon sheomra dhéag sa theach, ceithre sheomra leapa, dhá sheomra folchta, an chistin, seomra áiseanna, seomra suite, seomra stáideir agus an seomra greíne. Bhí linn snámha ar chul an tí agus galsheomra in aice leis agus thaitin sé go mór liom an t-am a chaith mé leo. Ar chul an tí, thiocfadh liom crainn, an eas agus ó am go ham béar agus fia a fheiceáil.
Is baile mór é Madison agus tá ag eírí níos mó i rith ama. Tá sé suite i lár na tíre ar an teorainn idir Indaina agus Kentucky, ag an abhainn Ohio. Tá thart fa cúig mhíle dhéag ina gcónaí ann, thart fán meid céanna’s atá in Inis Ceithleann, ach tá an baile spréite amach. Tá dhá phriomhcheantar ann seanMhadison agus Madison nua, ceann amhain ar bharr cnoic agus an ceann eilé suite ag an bun an chnoic, ar bhruach na habhann.
Agus muid ann bhí faill againn páirt a ghlacadh in imeachtaí eagsúla, spóirt uisce cosúil le sciáil uisce, scairdsciáil, clársheoltóireacht agus curachóireacht, roinnt rudaí nach ndéanfainn choíche sa bhaile. Rinne muid rudaí eile le buíochas a leíruí leis an phobal áitiúil, chuidigh muid le hobair charthanach agus le himeachtaí do dhaoine míchumasacha. Chaith muid lá fosta ag glanadh agus ag air plandaí sa Pháirc Naisiúnta.
Ba é ceann de na ladhe ab fhearr liom ná lá a chaith muid in Indianapolis ag an ráschúrsa agus an iarsmalann is mó do pháistí sa domhan. Arís, rud nach bhfeicfinn choíche ach ab é an turas iontach seo.
Bhain mé sult agua tairbhe as cuimse as an mhí sin – B’iontach an taithí é, ach ar an drochuair níor mhair sé ach mí agus shleamhnaigh an tam isteach. Thabharfainn a bhfuil agam filleadh ar Madison agus b’fhéidie níos mo den tír dochreidte sin a fheiceaíl.